NÓRA DHEAS NA gCRAOBH-FHOLT NÍ BHÁIDHIDH

Bhí mé lá breá gréine,
‘S mé triall a’ dhul ‘un aonaigh,
‘S casadh liom an réalta gan smál.
D’fhiafraigh mé den spéir-bhean,
A mba banríon óg ón Ghréig í,
Arbh í Juno, Pallas nó Venus í nó aingeal.

Tá a grua ar dhath na gcaortha,
‘S a leaca bhí dá réir sin,
Mar ‘tá an eala ‘s í ag éirí den tsnámh,
‘Sé a dúirt sí liom go céillí,
“Ní neach ar bith den méid sin,
Ach Nóra dheas na grcaobh-fholt Ní Bháidhidh.
‘S a mhaighdean mhaiseach mhúinte,
‘S a bhéilín tanaí ró-dheas,
‘S a chúilín mar an ómar go sáil,
Cé gur miles blas do phóigín,
Ná mil na mbeach a reofadh,
‘S go dtabharfá na sluaite ón mbás.

An té ‘chífeadh sul a’ bóthar thú,
‘S tú ‘bheith in do chóiriú,
‘Sé is samhail duit réalt eolais gan smál,
Is tú mian gach buachaill óig,
Is tú grá gach fear a phósfadh thú,
Is tú Nóra dheas na gcraobh-fholt Ní Bháidhidh.

Dá mbeinnse in mo Iulas Caesar,
Nó in mo cholainn éifeacht,
Do mholadh ní fhéadaim-sa amháin,
Mar bhí tú múinte céillí,
‘Sé is samhail duit ga gréine,
Nó réalt na maidne ag éirí gach lá.

Saibhreas Rí na Gréige,
‘S fáighim é uilig le chéile,
‘S go scaipfeadh sí le féile a dá láimh,
‘S a Dhia nárbh ait na béasa,
‘Bhí ag ainnir an chúil chraobhagh,
Nóra dheas na gcraobh-fholt Ní Bháidhidh.

Níl teanga dá raibh ag saoithe,
Nach raibh déanamh iontu ag Caesar,
Is cumhra deas a léifeadh sí an clár,
Mar bhí Fraincis, Spáinnis ‘s Gréigis,
Laidin ‘s oideas Gaeilge aici,
‘S teangaidh bhlasta Béarla gan tláith,
Sheinnfeadh sí na téadra,
Le meabhair cinn is méara,
Fidil ‘s fliút ar aon staid amháin,
‘S riarfadh sí na céadta,
Gan gruaim a chur ina héadan,
Nóra dheas na gcraobh-fholt Ní Bháidhidh.
Pádraic Daeid, An Táilliúir Gorm.

Thug Nóra béile don “Táilliúr Gorm” lá a raibh ocras air agus é
ag dul ‘un aonaigh. Chum sé an dán molta seo in ómós daoithe.


Home | Programme | History | About Achill | Photos | Booking | FAQ | Links | Contact