UAISLE ACLA
Mo lean gan mé in Acaill,
Nó ar bhóithre Thír an Áir,
Ag Róise ar an Mhol’ Raithní,
Nó theas ag Mairéad Bhán.
Domhnall Óg Ó Ceallabhuí,
‘Sé a chraithfeadh liomsa lámh,
Nó le Séamus Bhriain in Acaill thall
Níorbh fhada liom an lá.
Dá mbeinnse ar an Doirín,
Is ann a gheobhfainn greann,
Nó ag Parthalán, Croí na gCarad,
Nó as sin siar go Céibh.
Tomás Mór Ó Gallchobhair
Agus an Charraig uilig ní bréag,
Dá dtéinn ag cruinniú fataí ann,
Ba mhaith sin lán mo chléibh.
Dá mbeinnse in Acaill Bheag istoigh,
Bheinn seal ag Antoine Eoin,
Nó ag Seán ‘ac Taidhg an scafaire,
Atá thall ar an Chloch Mhóir.
Tá na báid ag teacht ón fharraige ann,
‘S na luingis faoi reacht seoil,
Ach tá mise i measc na nOrangemen,
‘S ní fada bheas mé beo.
Is trua gan mé i nDú Éige,
Ach ní fhéadaim a dhul ann,
Tá éisc na mara ag éirí
‘S na báid a’tíocht ón tuinn,
Tá cailíní breátha spéoroúla
ann,
A dhéanfadh súgradh ‘s greann,
Fáilte mhór in gach aon teach romhan
‘S pluid ghléigeal os mo chionn.
Dá mbeinnse i nDumhaigh Cinn Aille,
Ar an Abhainn nó Sliabh Mór,
An Caol níorbh é mo dhearmad,
Mo chreach agus mo bhrón,
Is ann a gheobhfainn scafairí,
A d’íocfadh síos an scór,
Dúghort ‘s Tóin a’ tSean-Bhaile,
‘S as sin o teach Sheáin Mhóir.
Dá mbeinnse ar an Chaiseal,
Is ann a bheadh áit suí,
Ná ag Úna I mBun a Churraigh,
Níorbh fhada liom an oích’,
Bheinn seal ag Pádraig Ceafarcaigh,
Agus seal ag Aindriú Mór,
Ach tá mé I meach na nOrangemen
‘S ní fada bhéas mé geo.
Pádraic Daeid, An Táilliúir Gorm.