|
CÚL NA BÉINN
Dá mbeinn féin
i Mám a’ Ghártha,
Dúch is páipéar bheth agam ann,
Ba dheas do scríobhfainn i ndubh is i mbán é,
An moladh álainn a bhí ar an ghleann.
‘Sé a d’iarrfainn d’impí ar Rí
na nGrásta,
Intleacht Hómair a bheith in mo cheann,
Is gur lena mhaitheas ba mhian liom trácht air,
Ach faraor gear go bhfuil m’intleacht fann.
‘Sé dúirt
fear as Acaill liom, “Ná bíodh ort buaireamh,
Ná bí ag gol is ag éagaoin i ndiaidh Chúil
na Béinn,
Bhéarfainn bean duit is dhá chéad bó
léi,
Is acra móinéir in aghaidh gach cinn.
Bád is eangacha is beam in éineacht,
Is bhéarfam éadáil isteach ón tuinn,
Is sílim féin gur fearr an méid sin,
Ná a bheith ag gol is ag éagaoin i ndiaidh Chúil
na Béinn.”
Dá dtabharfá bean
is dhá chéad bó léi,
Acra móinéir in aghaidh gach cinn,
A bhuil de bháid is d’eangacha ar feadh Chríoch
Fodhla,
Saibhreas Sheoirse agus fáighim é cruinn.
B’fhearr liom acra den bhogach bháite,
Atá idir an Máimín is Inse an Droighin,
Cead rince le cailíní lá saoire ‘s
Domhnaigh,
Ag ceantar na mbóithre úd, “Cúl na
Béinn”.
Dá mbeadh a fhios ag na crualfhir,
Atá ar thaobh Ghleann Néifinn,
Go bhuil mise i m’aonrachán is mo luí tinn,
Gan spas ar bith chuirfí faoi mo dhéin-sa eachra
gléigeala is cóiste cinn.
Ghléasfaí bainis, flea ‘s féasta,
Siamsa ‘s pléisiúr is togha gach ceoil,
Bheadh dhá chéad fear again ar meisce in éineacht,
I dteach Tom Daly le fíon ‘s le beoir.
Tá litir scríofa
agam anois faoi sheoladh,
A chuireas mé amárach go Cúl na Béinn,
Go bhuil mé ‘mo luí le tuilleadh is ráithe,
Buartha cráite le tinneas cinn.
Ach mar bhfaighe mé fóirithint ó Rí
na nGrásta,
Is bheith in mo shláinte arís mar is coir,
Gléastar tuama ‘s cónra clár dhom,
Go síntear amárach mé ag bun Shliabh Mór.
Tá na coillte dlúth
ann ar thaobh Gleann Néifinn,
Is an duilliúrchraobh ghlas ag sileadh síos,
Tá an chuach ‘s an traonach ar bharr na gcraobh ann,
Ag seinm go headroom gach lá ‘s oíche.
Tá na daoine uaisle ar bharr an tsléibhe ann,
Ag déanamh eirligh ar chearca fraoigh,
Tá an bradán broinngheal ag tíocht ón
tsáile ann,
Ag fearaibh Éireann le fail gan pighin.
Tá an loch is sáimhe
ann dá bhfuil in Éirinn,
Tá na báid ag éirí air ó thuinn
go tuinn,
‘S don té a chleacht iad is atá anois dhá
n-éamuis,
Nach beag an dochar dó a chroí a bheith tinn?
Ach más é seo an cúrsa a gheall Dia dhomsa,
Mé bheith faoi chumhaidh nó go liathfaidh mo cheann,
Mo chúig chéad slán leat, a Bhoth a’
Dúin.
Is do na coillte dlútha údagh Chúl na Béinn.
Ní chainfead Acaill cé
gur maith liom ‘fháfáil,
Is maith an áit é ag stráinséaraí,
Tá bia is leabaidh ann ‘s mile fáilte,
Is comhrá geanúil ann ag fear is ag mnaoi.
Ach mar iasc na farraige thigeas lena nádúr,
In éis a dtéarma amach siar faoin tuinn,
‘Sé ‘fhearacht agam-sa é dhá
bhfaighinn an pálás,
Go mb’fhearr liom árus beag i gCúl na Béinn.
An té shiúil Sasana
is páirt d’Éirinn,
Shiúil sé an Ghréig is an Ghearmáin,
Chuaigh go hAlbain gur caith sé téarma ann,
As sin don Fhrainc is ar ais don Spáinn.
D’aithriseoinn scéal duit, dar liom ní bread
sin,
Shiúil mé Éirinn uilig gan roinn,
‘S ar a bhfaca mé de shiams’ ‘s de phléisiúr,
Is ag Malaí Fhéilim nó thoir ag an Toim.
P. Mac Siúrtáin
a scríobh c. 1800.
|